School: Cill Bhriain, Béal na Molt (roll number 11890)

Location:
Kilbryan Lower, Co. Waterford
Teacher:
Tomás de Bhál
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0646, Page 254

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0646, Page 254

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Bhriain, Béal na Molt
  2. XML Page 254
  3. XML “Scéilín ón Scairt”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fadó riamh bhí baintreach bocht ‘na cómhnuidhe ‘m áit iar gcúltha agus bhí ceathrar páistí aicí.
    Chuaidh sí go dtí an Aifreann Domhnach áraigthe agus d’fhág sí na leanbhaí fé cúrram cailín. Do bhí na leannbhaí in aon luígh amháin ag gol ‘s ag béiceadh: Ní n-aon ró-stuam a chuir san ar an gcailín agus bhí sí ar buile cheart. Do bhuail chúiche isteach an t-Áirseóir agus chomharlaigh sé do’n cailín an leanbh óg do chaitheamh isteach i gcorcáin mór a bhí ar an teine. Níorbh fhada gur doigheadh an leanbh bocht agus gur thuit a chuid feola de’s na cnámha. Do theich an cailín annsan. Ba ghairid gur chas an bhean bhocht agus gur chonnaic sí cad a bhí déanta ag an gcailín. Fuair sí mias mór agus bhailigh sí chuichí isteach ann feoil agus cnámhna a leinbh agus níor ghol sí aon
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ní Cuileanáin
    Gender
    Female
    Address
    Ballynamult, Co. Waterford
    Informant
    Cáit Ní Grádaigh
    Relation
    Unknown
    Gender
    Female
    Address
    Ballynamult, Co. Waterford