School: Cill Bhriain, Béal na Molt (roll number 11890)

Location:
Kilbryan Lower, Co. Waterford
Teacher:
Tomás de Bhál
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0646, Page 280

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0646, Page 280

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Bhriain, Béal na Molt
  2. XML Page 280
  3. XML “Caoineadh Mháire Ní Donagáin ó Shliabh Gua ar a Driotháir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. A dhriotháir, ó mo mhíle dith thú
    Is mé rinn' an aisling a chealg an chroí 'gam
    An oíche roimh sollamhuin áirdeirc Íosa
    Go bhfaca leoghan don chroí-fhuil dob' aoirde
    Ag dul dhá phósadh i róbaidhibh síoda
    I mbratacha bána sa mbábhar chíor-dubh
    'Sa dhá leor de dhaoine óga 'na timpeall.
    Rí na nGrás is gárda naoimh ort
    'S gur i nDún na mBád ar lár a bhí thú
    Do ghluaiseas cé bhuartha mo smaointe
    Go h-uaigneach gan sluaití dem' mhuintir
    Teacht faoi tuairim ón dtuath is caoineadh
    Mar bhain 'fán fairrge is mearbhal slí dóibh
    Mar is marbh faoi locaibh a bhíodar.
    An t-am do ráinig Máire thíos tú
    Ní raibh aon de príomh-chirt taoibh leath
    Ach Brighid is Liam gan chiall gan chuimhne
    Di shuías in aice is ní fheadar cad déarfainn
    Mar do mharbh ar mhearbhal m'éirim
    Ach amháin gur smaoineas dá maoidhfhinn an méid seo
    Agus a shuidhcaint le fírinne go mbfhéidir
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Cuileanáin
    Gender
    Male
    Address
    Lackandarra, Co. Waterford
    Informant
    Labhras Ó Cadhla
    Relation
    Unknown
    Gender
    Male
    Address
    Ballynamult, Co. Waterford