Scoil: Eachléim (uimhir rolla 12373)

Suíomh:
An Eachléim, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máire Ní Chróinín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0136, Leathanach 68

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0136, Leathanach 68

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Eachléim
  2. XML Leathanach 68
  3. XML “Seacht Suáilce na Maighdine Muire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    go bhfuair a h-aon mhac naomhtha an cumhacht sin go ndeachaidh sé ag siubhal ar an urlár. Molfaimíd thú a Íosa agus molfaimíd tú a coidhche agus molfaimíd bainrioghan na Glóire, an glóir siorraidhe go bfághaidh an sean agus an t-óg dá dtainic nó go dtiocfaidh fa aghaidh na maidhgine. Nach muid atá go h-aoibhinn sólásach agus beannuigheadh Dé in ar dtimceall ach míle beannacht Dé go bhfaghaidh aoinneach beó ar an t-saoghal seó a deireas na seacht sabháilte seo timcheall.
    An ceathramhadh sabháilte a fuair an mhaidhgean go bfuair a h-aon mhac naomhtha an cumhacht sin go ndeachaidh sé ag leigheadh an Bhíobla. Molfaimíd thú a Íosa agus molfaimíd thú choidhche agus molfaimíd bainrioghan na Glóire an ghlóir siorradihe go bfághaidh an sean agus an t-óg dá dtainic nó dtiocfaidh faoi aghaidh na Maidhgine. Nach muid atá go h-aoibhinn sólásach agus beannuigheadh Dé in ár dtimceall ach míle beannacht Dé go bhfághaidh aoinneach beó ar an t-saoghal seo a deireas na seacht sabháilte seo timceall.
    An cuigeadh sabháilte a fuair an mhaighdean go bhfuair a h-aon mhac naomtha an cumhacht sin go ndearna sé fíon de'n uisce.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Bean Úi Seóighigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    80
    Seoladh
    An Eachléim, Co. Mhaigh Eo