Scoil: Eachléim (uimhir rolla 12373)

Suíomh:
An Eachléim, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máire Ní Chróinín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0136, Leathanach 71

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0136, Leathanach 71

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Eachléim
  2. XML Leathanach 71
  3. XML “Paidreacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Paidreacha

    Bí ár Slánuightheóir agus a mháthair in a gcodhladh san oidhche agus d'fhiafruigh sé dá mháthair 'An codladh sin atá ort a mháthair?

    Bí ár Slánuightheóir agus a mháthair in a gcodhladh san oidhche agus d'fhiafruigh sé dá mháthair 'An codladh sin atá ort a mháthair? Ní h-eadh ach aisling ort a gríodh, grádh, grádh!
    "Cé'n aisling a mháthair"? "Go mbeidh tusa dha crochadh amárach, go mbéidh an t-sleagh ag dul tré d'lár, na tairgní ag gríochadh do chos agus do lámh agus an crann spíonach ag dul ar do cheann i." "Más sin é d'aisling a mháthair, níl aoinne a deireas é trí uaire as gach tráth i mbaoghal go mbéidh aimléas ar a anam g deó.
    A Bhainrioghan na bhflaithis agus a bhainrioghan na glóire, is tú mo bhean airgeartha maidin is trathnóna. Múin dom an bealach agus cuir mé ar an eólas go tobar na h-aithrighe san áit a siltear na deórtha.
    Luighfimíd le Dia go luighidh Dia linn, pearsa ó Dhia linn, dhá láimh Dé linn, na trí Mhuire linn, Dia agus Colmcille linn, nach Daingean an Dún a bhfuilimíd ann idir Muire agus a mac, Brígid agus a brat. Mícheál agus a sgiath, Dia agus e lámh Dheas idir sinn is gach olc agus nár luighidh olc linn. Cuimrigh na
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. paidreacha (~3,266)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Bean Úi Seoigigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    80
    Seoladh
    An Eachléim, Co. Mhaigh Eo