Scoil: Dubhloch
- Suíomh:
- Dumha Locha, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Shioradáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhloch
- XML Leathanach 441
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)óige ar aonach.
Céard iad na trí rudaí is amaidígh? Fr. Clocha a thabhairt cun cúain, uisge a thabhairt chun tobair agus cómhairle a thabhairt do mhnaoí bhuird.
Cé'n fáth go bhfuil muc i bpárlús cosamhail le teach tré theine? Fr. Dá luaithe as é sé is fearr.
Tá sé thoir is tá sé thiar agus tá sé i ngáirdín Bhaile-Átha-Cliath. Is mó a ghreim na greim chapaill agus ní íosann sé rud ar bith. Fr. Speal.
Cé'n taobh de'n chruiscín na bhfuil an lamh? Fr. Ar an dtaobh amuigh.
Chuaidh mé ar an aonach agus cheannuigh mé gabhair. Thug mé naoí bpínghne naoi n-uaire ar an ngabhar. Cé mhéad sithne ar an ngabhar? Fr. Ceithre cinn.
Cé mhéad iorball bó a sroicfheadh an spéar? Fr. Ceann amháin dá mbeadh sé sáthach fada.
Cé'n áit ar shoillsígh an ghrian uair(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Gacháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dumha Locha, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Bean Uí Gacháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dumha Locha, Co. Mhaigh Eo