Scoil: Dubhloch
- Suíomh:
- Dumha Locha, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Shioradáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhloch
- XML Leathanach 414
- XML “Mo Cheantar Féin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Dúbhloch is ainm do'n bhaile i na bhfuil cómhnuidhe orm. In iarthar pharróiste Cill t-Séine, cois fairrge atá a suidheamh. Níl mórán trácht air mar níl ann acht baile fearainn agus é iargcúlach. Níl ann anois acht timcheall is leithchéad tighthe, agus tighthe cinn sgláta i seadh a bhfurmhór. Acht fadó bhí a dhá oiread de thighthe ann. Go deimhin ní bréag a rádh go raibh droch bhail ar chuid de na tighthe mar an duine a bhí na chómhnuidhe ionnta bhí sé i gconntabhairt a mharbhtha agus b'fhéidir gan duine na deóraidhe sa teach aige lé sagart ná bráthar a thabhairt chuige. Acht chomh beag go raibh na daoine a bhí ann an tráth sin breágh(leanann ar an chéad leathanach eile)