Scoil: Inbhear (uimhir rolla 12568)
- Suíomh:
- An tInbhear, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Tomás Mac Gearbhuigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inbhear
- XML Leathanach 747
- XML “An Fear Feasa”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé in aois a fiche chuaidh sé amach ar lorg páighe agus oibre. Casadh fear leis agus bheannuigheadar dá chéile sna briathra fuistineacha faistineacha maidir leis na briathra a bhí ann sna laetheannta sin "In ainm an Athair agus an Mhic" arsan fear aca.
"In ainm an Athair ar an Mhic, a chreig ar a bholg brídeamh ar thaobh agus an taobh eile bheith follamh" arsa an fear eile
"Cá bhfuil do shiubhal"
"Ar lorg máighistir agus oibre" arsa ar gcaraid, Seaghan.
"Máighistir iseadh mise" arsa an fear eile "agus táim ar lorg buachalla"
" Maith mar thárla" arsa Seaghan.
Rinneadar an margadh agus shocruigh Seaghan go mbéadh sé mar bhuachaill aimsire ag an maighistir go dtí go raibh laidin ag do mhnaoi, gréigís ag do chat agus adharcaí ar do ghearán" - leis an maighistir. Chuaidh Seaghan abhaile leis an maigistir agus ní(leanann ar an chéad leathanach eile)