Scoil: Inbhear (uimhir rolla 12568)

Suíomh:
An tInbhear, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Tomás Mac Gearbhuigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 712

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 712

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inbhear
  2. XML Leathanach 712
  3. XML “Scéal - Badán an Bhoilg Riabhaigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    chuaidh sé amach sa bhfiarrge [!] agus bhí sé ag cuir cúbhar bán in íochtar agus gainimh glan in úchtar. Bhí na h- eascoin is na péistí móra ag lúbadán agus ag labadán ar bhois agus ar chois na maide rámha. Níor fhág sé céad fice gan síneadh maide ramha gan briseadh go dtanaig sé isteach ar thalamh na h-Éireann in íochtar an domhain thiar. Caith sé ancaire agus chuaidh sé go dtí an teach a raibh sé ann sul ar imtigh sé agus bhí siad an- bhrónach. D'fiafruigh sé díobh tuige a raibh siad chomh brónach agus dúbhairt siad gur thóig siad fear deas agus gur imtigh sé uatha seacht mbliadhain ó shoin agus nach dtanaig sé ar ais acu agus go raibh inghean an rígh ag dul a phósadh agus go mbeadh féasta acu ar feadh seacht n-oidhche agus seacht lá agus nach raibh aon éadaigh acu le dul ann. Chuir an Baideán éadaigh úra ortha agus chuaidh siad chuig teach an rígh agus chuir siad teachtaire isteach ag an rígh a rádh leis go raibh sé ag teastál ó'n mBaideán. Thainig an rígh amach aige agus thug
    Baideán an fiacal dó agus bhí sé chomh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Muiltheach
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Gort Meille, Co. Mhaigh Eo