Scoil: Inbhear (uimhir rolla 12568)
- Suíomh:
- An tInbhear, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Tomás Mac Gearbhuigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inbhear
- XML Leathanach 576
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal Grinn (ar lean)
“Bhí triúr mac de Chlann Aindriú na Maoile ins an tír seo fadó agus deirtear rud ar bith a d'inniseadh muintir an bhaile dóibh chreideadh siad é.”
(ar lean ón leathanach roimhe)D'fhiafruigh fear aca do'n bh'fear eile céard é sin agus ní raibh fhios aige. Fiafhruigheadh do Sheán é ar deireadh. "Níl fhios agam" arsa Seán "ach is rud eicint é" agus uaidh sin amach dá bhfeiceadh siad seilmide Óró Óro" adeireadh siad "anc an rudeiane"
Bhí siad lá eile thart timcheall an tigh agus casadh fear an bealach agus bhí sé ag cainnt leo tamall agus nuair a thug sé fá deara go raibh geamhar fásta ar an teach. "Tuige" ar seiseann "nach ngearann sibh an geamhar sin agus nach n-iosfadh an bhó é. Dubhairt Seán go ngearrfadh imbárach.
Nuair a tháinig lá ar na bhárach chuimhnigh siad ar phlean eile sé sin an bhó a chur suas ar an teach agus go n-iosfadh sí an geamhar. Thosaigh siad ag reathai uirthe thart ar an teach sháruigh ortha a cur suas.Bhí fear sportúil ag dul an bealach agus dubhairt leo binn an tigh a leagan agus go siubhalfeadh sí suas. Rinne siad sin agus sháruigh sí ortha. Tháinig fear eile an bealach agus dubhairt leo an (co) cloigeann a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Iósephín Muilleach
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Graith
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann