Scoil: Craig Dhubh

Suíomh:
An Chreig, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Séamus Mac Giobúin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0101, Leathanach 491

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0101, Leathanach 491

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Craig Dhubh
  2. XML Leathanach 491
  3. XML “Ó Ceallaigh Cam”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Má bhíomsa beó Dia Dómhnaig
    béidh againn úgdar grinn
    Béidh doirse tighthe ósta
    ghá fuaisgilt lé na linn
    Beidh fuisgi ann 'ghá dórtadh
    Is leann-dubh as gloinnibh móra
    Is buidéal ó'n Spáinneach
    Ag mo stór is é ghá roinnt.
    II
    Núair a ghlaoidh muid an cúrta
    Tháinig smuit ar an ngréin
    Bhí an tír ar fad ag umhlúghadh
    Faoí úghdar mo sgéil.
    Núair a thoisigh O'Ceallaigh ag umhlúghadh
    A chuid mhinigh lé teann dúbairt
    Cuir aingeal flaitis cúl leis
    Is Parrthas na Naomh
    III
    Ta fhios ag Rí na nGrásta
    gur mhinigh O'Ceallaigh Cam
    Flaitheas Dé nár fhagha sé
    go ndíotfhaidh sé féin ann
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Annie Burke
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Ceapach Ghofraidh, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Mr Burke
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Ceapach Ghofraidh, Co. Mhaigh Eo