Scoil: Craig Dhubh

Suíomh:
An Chreig, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Séamus Mac Giobúin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0101, Leathanach 413

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0101, Leathanach 413

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Craig Dhubh
  2. XML Leathanach 413
  3. XML “Feenone”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ag breathnú ar léir-sgáil na h-Éireann feicfidh tú Scoith Imligh, an Scoith atá ag gobadh amach ag an gcoirnéal atá siar o dheas de Chuan Mogha taobh thiar de Conndae Mhuigheó. Cúpla míle taobh o dheas aríst de'n Scoith, tá baile fearainn a tugtar "Feenone" air i mBéarla, ag sineadh on bFairrge Mhóir isteach go bun Maol Réidh, an sliabh is aoirde sa gconndaé.
    Baile Fearainn an fhada seadhe acht tá stráice de caillte anois agus toigthe isteach ag bailte eile in aice na fairrge. Mar is léir ó'n méid tir-eolais seo, tá ceann an bhaile in a phortach bun sléibhe agus ceann eile in a dhumhach gainimh cois trágha. Tá dá leabhaidh Dhiarmada ann go foill, ceann in aice na fairrge agus ceann isteach sa bportach, ar an gceann eile, an bhaile ceithre míle ó'n a chéile agus an baile fearainn "Feenone" ag síneadh amach eatorra.
    Seo mar a fuair an baile a ainm.

    Nuair a bhí Fionn agus an Fhiann ag tóraidheacht Dhiarmuda agus Gráinne tháinig siad chomh fada le baile eile sa gceanntar a tugtar "Áit Thíghe na bhFiann" air fos sa
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    2. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Fionnúin, Co. Mhaigh Eo
    Bailitheoir
    S. Mac Guibiún
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    John Kerrigan
    Inscne
    Fireann