School: Corrabha (Curravagh)

Location:
Curraghvah, Co. Cavan
Teacher:
(name not given)
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 348

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 348

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Corrabha (Curravagh)
  2. XML Page 348
  3. XML “Ag Ceannach agus ag Díol”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fadó ní raibh siopaí flúirseach in aon chor agus nuair a bhíodh rudaí a' teastáil ó dhuine bhí air dul aistear deich míle chun iad d'fhághail. Mícheal Fiacháin a b'ainm d'fhear an chéad siopa in Gleann-Gaibhleann bhí an siopa aige i mBaile Gub in aice le séipéal Gleann-Gaibhleann agus gach Domhnach taréis an chéad Aifrinn agus taréis an dára Aifrinn bhíodh sé a díol rudaí de gach aon saghas. Thugadh na daoine "canting" air sin.
    Bhíodh margaidh fadó i mBaile Gub gach Aoine agus thagadh fir - ceannuightheoirí le láraí móra. Annsin bhíodh mná ann le lachain, géana, sicíní, is cearca agus bhíodh an margaidh ar siubhal ó na dó-dheag a chlog go dtí a dó. Cuireadh stop leis tamall ó shoin agus tá sé tosnuighthe arís.
    Bhí fear darbh ainm dó Brian Ó Mórdha san áit seo blianta fada ó shoin agus bhí sé pósta. Áine ní Cheallaigh a bhí mar ainm ar a mhnaoi. Bhíodh Brian a' bailiú raganna, is sean phíosaí éadaighe, is cleití, agus sean gruaig capall ar feadh an lae agus nuair a bhíodh dorchadas na hoidhche a tigheacht théigheadh sé abhaile is a stór de na rudaí atá luaidhte thuas i mála aige. Bhí cara aige i mBaile Daire na Neanntóg agus théigheadh Brian chuige chun na néithe a cnusaigheadh sé a chur i bfolach in a theach. Lá amháin chuaidh sé amach mar ba ghnáth agus nuair a bhí an ghrian tareis dul faoi dubhairt sé leis féin go
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ní Shiordan
    Gender
    Female
    Address
    Carrick West, Co. Cavan
    Informant
    Tomás Mac Siordan
    Relation
    Relative (other than parent or grandparent)
    Gender
    Male
    Address
    Moneensauran, Co. Cavan