School: Corrabha (Curravagh)
- Location:
- Curraghvah, Co. Cavan
- Teacher: (name not given)
![The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 303](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0965%2FCBES_0965_303.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 303
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)aighthe fidil ortha agus hatái árda. Téighid ó theach go teach agus deinid dreas ceoil is babhta rinnce. Bíonn an béarsa seo leanas ghá rádh aca.
"The Wren, the Wren, the King of all birds,Down with the hand and up with the cash,And give us some help to bury the wren"
Tugann muintir a'tighe airgead dóibh agus leis an airgead a gheibhid ceannuighid biadh is deoch agus bíonn fleadh is féasta aca an oidhche sin i dtigh éigin sa chomhursanacht. Tugtar "The Mummers' spree" air seo.
An Céad Lá den bhliadhain úr. An lá sin bíonn na daoine ar bís ag iarraidh a fhághail amach cén chéad duine a thiocfaidh isteach. Má bhíonn gruaig dhubh air beidh siad lán tsásta ach sé a mhalairt má bhíonn gruaig dhearg air.
Nolaig Bheag ( an séamhadh lá de mhí Eanair. Sin é an lá deireannach den dá lá déag in dhiaidh na Nodlag. Ar feadh na laethe sin bíonn na daoine ar bís féachaint cionnus a bhíonn an aimsear. Má's go maith a bhíonn sí beidh an dá mhí déag den bhliadhain go maith.- Collector
- Brighid Ní Shiordan
- Gender
- Female
- Address
- Carrick West, Co. Cavan