School: Corrabha (Curravagh)

Location:
Curraghvah, Co. Cavan
Teacher:
(name not given)
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 260

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 260

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Corrabha (Curravagh)
  2. XML Page 260
  3. XML “Na hÉin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Siad na héanlaith a bhíonn thart annseo ná - An Spideog, An Chuach, An Smólach, An Fhuiseóg, An Fhainleóg, An Traona, An Dreoilín agus An Gealbhán. Imthigheann an chuach, an fhainleóg agus an traona uainn sa bhFoghmhar go dtí na tíortha teo ó dheas mar a mbíonn teas agus flúirse bídh, agus fileann siad nuair a mhothuigheann siad teacht an Earraigh a' tigheacht.
    Tógann an spideóigín a nead i gclaidhe agus bíonn sé déanta as caonach, cúnlach agus olainn, agus dhéanamh cruinn a bhíonn air nuair a bhíonn sé críochnuighthe. Sé cinn de uibheacha a bhíonn ins an nid agus dath gorm a bhíonn ortha.
    Ní dhéanann an chuach nead ar bith ach má chíonn sí aon nead eile tógann sí ubh as agus beireann sí a ubh féin ann.
    Déanann an smólach a nead ins an sgeich-ghil. Bailigheann sí féar tirim, cré agus caonach agus socruigheann sí an nead go deas sa chrann. Ceithre cinn de uibheacha a bhíonn ann agus dath glas is gorm a bhíonn ortha.
    De ghnáth déanann an londubh a nead san sgeich-ghil. As cré, caonach is tuighe a dhéineann sí é. Ó ceithre go cúig uibheacha a bhíonn ann agus dath dubh a bhíonn ann.
    Déanann an fhuiseóg a nead ar an dtalamh as
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. animal-lore (~1,185)
        1. bird-lore (~2,478)
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ní Shiordan
    Gender
    Female
    Address
    Carrick West, Co. Cavan
    Informant
    Aodh Mac Siordan
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Carrick West, Co. Cavan