Scoil: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach (uimhir rolla 9229)

Suíomh:
Letterkelly, Co. Clare
Múinteoir:
Seosamh Mac Dáibhid
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0612, Leathanach 005

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0612, Leathanach 005

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach
  2. XML Leathanach 005
  3. XML “Ór i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fadó nuair do bhi na Lochlannaig ins an dtír seó, theigidís mór thimceall o thigh go tigh ag goid is ag sgrios gac rud a fhuaireadar rompa. Do bhiodh eagla ar na daoine rompa agus gac duine go raibh saidhbhreas no aon rud luacmhar aige, béigean diobh é do chuir i bhfolac, ar eagla go goidfí é. Tá áit inaice mo thighse ar a dtugtar pairc Luac, agus deireann na sean-daoine go bhfuil saidhbhreas curtha ann.
    Fear saidhbhir darb ainm Lúac a chuir ann é, act nil fhios ag éinne an fath gur cuireadh ann é. Is doca go raibh eagla air go goidfí é, óir an saidhbhreas atá ann, agus deirtear go bhfuil timcheall trí no ceithre céad púnt curtha ann. Tá an áit seó i gClocánmóir í paróisde Sráid na Cathrach. Tá se istig i gcroicheann Shearraig, agus deirtear go mbíonn cat dubh ibhfeighil na h-áite gac oidhche. Úair amhain cuaidh fear ann le sluasad, feucaint an bhfuigheadh sé é, act connaic se soillse, agus tháinig an cat dubh na dhiaidh, agus ba dhobair go dtuit an t-anam as. Annsan do rith se abhaile
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máirtín Ó' Máile
    Inscne
    Fireann