Scoil: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach (uimhir rolla 9229)
- Suíomh:
- Letterkelly, Co. an Chláir
- Múinteoir: Seosamh Mac Dáibhid
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ó thosach aimsire, cimh closfaidhe daoine ag cainnt is ag seanchus idtaobh óir nó saidhbhreas éigin atá idtaisce in áiteanna, agus ar fud na h-Éireann tá a lá des na h-áiteanna san. An oidhche fé dheire tháinig sean-fear atá 'na chomhnuidhe ins an gleann ar cuaird cun an tighe chugainn agus tar-éis seanchus fada thosnuig sé ag innsint sceulta idtaobh, "óir idaisce" duinn. Debhairt sé linn go raibh óir idtaisce ar bhárr chnuic atá inaiche Cloghanmore. Deirtear go bhfuil suas le trí chead de phúntaibh ann. Fear darb inm Brían Ruagh a chuir idtaisce annsan é nuair a bhí sé ag fághail báis. Lá amhain chuaidh beirt fhear go dtí an áit agus fuaireadar spuinéog agus sgían deunta d'ór agus thugadar leo abhail iad.
Nuair d'éirigeadar an chéad lá eile bhí gach braonbainne a bhí san tighe acu lán d'fhuil. B'ionganatach an rud é sin gan dabht abus ní fheadfídis deunaim amach cad a bhí cearr leis an mbainne. Leis sin cheapadar gurb iad na rudaí a tógadar ón gnoch an lá roimhe sin fé ndearna rud seo go léir. Chuadar ar an bpuinte, agus d'fhágadar na rudaí san áit a fhuaireadar iad, agus d'imigh an fhuil agus ó shoin i leith níor chuaidh aoine inaiche na h-áite. Deirtear go mbíonn madra agus bead ag tabhairt aire don áit san oidhche, agus deirtear freisin gus chonnaich daoine eadaigh sínte amach ar an dtalamh uair amhain ann.- Bailitheoir
- Caitlín Ní Mhathghamhna
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Pádraigh Mach Mathghamhna
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Glendine North, Co. an Chláir