School: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach (roll number 9229)
- Location:
- Letterkelly, Co. an Chláir
- Teacher: Seosamh Mac Dáibhid
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fadó nuair do bhi na Lochlannaig ins an dtír seó, theigidís mór thimceall o thigh go tigh ag goid is ag sgrios gac rud a fhuaireadar rompa. Do bhiodh eagla ar na daoine rompa agus gac duine go raibh saidhbhreas no aon rud luacmhar aige, béigean diobh é do chuir i bhfolac, ar eagla go goidfí é. Tá áit inaice mo thighse ar a dtugtar pairc Luac, agus deireann na sean-daoine go bhfuil saidhbhreas curtha ann.Fear saidhbhir darb ainm Lúac a chuir ann é, act nil fhios ag éinne an fath gur cuireadh ann é. Is doca go raibh eagla air go goidfí é, óir an saidhbhreas atá ann, agus deirtear go bhfuil timcheall trí no ceithre céad púnt curtha ann. Tá an áit seó i gClocánmóir í paróisde Sráid na Cathrach. Tá se istig i gcroicheann Shearraig, agus deirtear go mbíonn cat dubh ibhfeighil na h-áite gac oidhche. Úair amhain cuaidh fear ann le sluasad, feucaint an bhfuigheadh sé é, act connaic se soillse, agus tháinig an cat dubh na dhiaidh, agus ba dhobair go dtuit an t-anam as. Annsan do rith se abhaile(continues on next page)
- Collector
- Máirtín Ó' Máile
- Gender
- Male