Scoil: Ladhar (C.), Bán-Tír (uimhir rolla 8665)

Suíomh:
Lyre, Co. Cork
Múinteoir:
Síle, Bean Uí Chéilleachair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0361, Leathanach 007

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0361, Leathanach 007

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ladhar (C.), Bán-Tír
  2. XML Leathanach 007
  3. XML “Seán Ó Duibhir a' Ghleanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Éistigh liom-sa sealad
    Go n-ínnse díbh cé cailleadh
    Seán Ó Duibhir a' Ghleanna
    'S gan trácht thar a ghéim
    Go bhfuil a choin, a ghadhair 's a chapaill
    Go doimhin i gcré sa talamh
    'S nách fios chár ghaibh a t'anam
    A bhí in árus sa chléibh
    Mar is cladhaire an bás a thagann
    Go chiúin gan cainnt 'na theangain
    Ach ar nós na taoide a leathann
    I gcuanta 'gus do sgéidheann.
    Is má tá sé i ndán díbh casadh
    Bíodh gárda an Ríogh 'bhúr n-aice
    Agus na bóithre romhaibh á glanadh
    Go lá bréithre Dé
    2.
    'S dá ndéanfadh sibh-se machtnamh
    Ar an gcómhrádh chaith a'leanbh
    Nuair a thúirling Sé ar a' dtalamh
    Le truagh dúinn go léir
    Nuair a rugadh É go dealbh
    I Máinséir Fhuar an asail
    I lár a'Geimhradh gairbh
    Gan aoibhneas ná aer
    Nuair éirigh Sé suas i bFearsain
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Faisnéiseoir
    Bean Uí Chathasaigh
    Inscne
    Baineann