Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim (uimhir rolla 11245)

Suíomh:
Kilmacabea, Co. Cork
Múinteoir:
Seán Ó Donnabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 206

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 206

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim
  2. XML Leathanach 206
  3. XML “Séamus Ó Cathaláin - File”
  4. XML “Seán Ó Donncadha - Tiarna Chill Fhionáin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    seift chun saidhbhreas a bhailiú. Do chúm sé an "buachaill bán" ag moladh mic a' Major agus a muinntir. Dubhairt sé os comhair a' Major é, agus do sheinn sé tar nais airís ar a' bheidlín annsan é. Agus fuair sé talamh is tigh saor faid a mhair sé.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bé an fear ba thréine in Éirinn san am san é. B'fhéídir go bhfuil sé ceithre céad blian ó shoin ann. Bhí sé na chómhnuí thíos i gCill Fionáin san gCúirt mar a raibh Clann De Burg le déannaighe agus is dócha go raibh sé tréan, táth is gur chuaidh sé anonn go Sasana agus é ag iarraidh na coinghíll fagháil chun dlighe Shasanna bheith in Éirinn. Do bhí cruidhte óir fé'n a chapall a thug sé sall leis. An chéad geata go dtáinig sé chuige bhí arm saighdiúrí ann, agus ní leigidís aoinne isteach gan fios a ghnótha. D'iompuig sé tímcheall a chapall. Do chuir sé á dhá corr tímcheall air agus do chuir an spur ann, agus thug an t-srian do, agus do dheinsé ar an ngeata agus do chuaidh sé thar an ngeata isteach. Nuair a tháinig sé go dtí an geata déannach annsan, bhí gárda eile ag an ngeata roimis. Do thugadar órdú do fanúint siar, mura bhfanfadh siar do lámhachaidís é, chun go mbeadh fhios acu é fios a gnótha. Dubhairt sé leis an Sáirseant bhí ortha gur mhaith leis an Rí d'fheicsint, agus chuaidh an Sáirseant
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Donnabháin
    Inscne
    Fireann