Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim (uimhir rolla 11245)
- Suíomh:
- Cill Macaibí, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Donnabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim
- XML Leathanach 207
- XML “Seán Ó Donncadha - Tiarna Chill Fhionáin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)isteach nuair chuir sé scéul isteach go raibh a leithéid sin d'fhear amuigh agus go dtáinig sé thar an chéád geata in ineóin na Saighdúirí. "A" dubhairt a' Rí "Leog isteach é, Seán Ó Donnchadha ó Éirinn is eadh é. Ní fheadfadh aon fhear eile teacht ann ach Sean Ó Donncadha ó Éirinn." Chuaidh sé isteach agus bhí fáilte an domhain ag an Rí roimis, ach dubhairt a' Rí leis "Tá rud éigin trom uait tráth is go dtánaís." "Ó, tá adubhairt Seán Ó Donncadha "Níl aon níd uaim ach dlighe Shasanna bheith agam in Éirinn" "Ó" adubhairt an Rí "geobhair é, pé nídh atá uait gheobhair é." Coinnibh a' Rí é ar feadh trí no ceathair de laethanntaibh, agus bhí an Rí ag tuiseáint gach aon nídh tímcheall na cúirte dó. Well, bhí ionghad ar a' Rí gach uair a ghlanadh sé a shrón, tréís é glanadh leis an haincisiúr phóca, do chaitheadh sé an haincisiúr phóca uaidh." "Ó" adubhairt a' Rí nuair a chonnaic sé á dhéanamh "Cé'n fáth go ndeineann tú san?" "Ó a dubhairt sé ní gnáthach liom-sa an smuga a chuir im póca in aon chor." Dubhairt sé do thriall sé abhaile tréis trí nu ceithre de laethanntaibh agus na cáipéisi aige ar a raibh na coinghíll 'na phóca aige. Well do bhí an aimsir go h-olc agus go h-an 'ólc is dócha agus do goideadh caoire ó Seán Ó Donnchada, agus ní fheadar sé cad d'imthigh ar a gcaoire, ach chuaidh an caoire amú pé in Éirinn é, ach d'airig sé gur fear áirithe bhí sa ball, bhí droch thuairisc air gurb é a ghoid a' caoire uaidh ach ní raibh sé siúrálta(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seán Ó Donnabháin
- Inscne
- Fireann