Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)

Suíomh:
Derreenacarrin, Co. Cork
Múinteoir:
Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 155

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 155

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire an Chairn
  2. XML Leathanach 155
  3. XML “Leigheasanna”
  4. XML “Leigheasanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Deintí seana cnámh chapaill do dhóígh cun leigheas do cnaith nó adhbhar acht caithfidh an duine go mbeadh an adhbhar air bheith taobh leis an dteine. Amuich sa bhpáirc a deintí é sin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Nuair a bheadh dealg i gcois nó i lámh duine dá gcuirfí teanga an mhadra ruaidh leis do tharraingeóchadh sé an dealg amach. Da gcimileócadh duine an t-eascru luachrach dá theangan agus í na bheathaigh do bheadh a theangain gorm 'na dhiaidh acht d'imthigeochadh an gorm as an dteangain nuair a níghfí go maith í. Bheadh leigheas dóigteán i dteangain an duine sin acht í chimilt do'n dóighteán. Tá leigheas do'n triuch i bhfuighleach an firéad.
    Do thugtí crúsca mór bainne chun firéad agus nuair a bheadh a dhoithin ólta aige do thugtí an fuighleach chun leanbhaí go mbhíodh an triuch acu. Seo leigheas eile a dheintí do'n triuch, cuirtí daradéal isteach i mbhuidéal agus cuirtí an corc air. De réir mar a bheadh an daradéal ag fághail bháis bheadh an triuch ag imtheacht. Rud eile cuirtí péistín caorach isteach i sparáinín fé mhuineál an pháiste go mbhíodh an triuch aige agus nuair a gheobhadh an péistín bás bheadh an triuch imthighthe. Leigheas eile do'n triuch iseadh cupáiníní triucha, siad san rudaí bheaga bána a bhíonn ag fás an na carraigreacha iad san do bheirughadh i mbhainne agus iad a thabhairt le n-ól dóib. Sé an leigheas do gheibhidís fadó do ghearra na slándas
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Síghle Ní Cruadhlaoich
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Leahill, Co. Cork
    Faisnéiseoir
    Mícheal Ua Cruadhlaoich
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    46