School: Tóchar, Dunmaonmhuighe (roll number 7270)

Location:
Togher, Co. Cork
Teacher:
Riobárd Mac Peadair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0306, Page 102

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0306, Page 102

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tóchar, Dunmaonmhuighe
  2. XML Page 102
  3. XML (no title)
  4. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Bhí beirt shagart, Sagart Paroiste agus sagart conganta ag teacht abhaile...

    Bhí beirt shagart, Sagart Paroiste agus sagart conganta ag teacht abhaile ó Stáisiún fe'n dtuagh lá. Chonnachadar sean duine a bhí a ainm in airde toisg é beith comh greannmar, deisbéalach. Bhí siuinearacht éigin ar siubhal ag an sean duine agus mheas an sagart óg go mbeadh roinnt spoírt aige leis agus dubhairt an leath-rann seo.
    Siúinéar mí-thapaidh mall
    Agus buille aige thall is i bhfus
    Acht bhí an sean duine ró leír do Bhí leath-rann ibfad níos gunta aige gan mhoill
    Sagarg is Laidean in a cheann
    Is a bholg ag damhas le punch.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
  2. (no title)

    Bhí beirt driféar ann uair agus bhí fear óg in grádh leis an mbeirt.

    Bhí beirt driféar ann uair agus bhí fear óg ingrádh leis an mbeirt. Bhí duine acu ana dathamháil acht ní fhéadfai é sin do rádh idtaobh an duine eile, acht bhí buadh aici sin ná raibh ag a driofúr, bhí sí mín cneasta.
    An fear seo a bhí in grádh leo ní raibh fhios aige ciacu dhíob a phósfadh sé, agus chuaidh sé go dtí file darb ainm Diarmuid Seaghda na bolgaighe cun comhairle a leasa d faghail uaidh. Bhí aithne ag an mbeirt ag Diarmuid agus bhí fhios aige dá n-abradh sé aon rud igcoinne aon duine acu go gcloisfeadh sí lá éigin é.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.