School: Goresbridge (B.) (roll number 800)

Location:
Goresbridge, Co. Kilkenny
Teacher:
Antóin Daltún
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0861, Page 413

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0861, Page 413

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Goresbridge (B.)
  2. XML Page 413
  3. XML “Scéal i dtaobh conas mar a Fuair "Drochead Ghóir" a Ainm”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Collected by A. Dathúin , Scoil na mBuachaillí, Droichead Ghóir
    From P. O'Leathlóir, Caisleán Uí Ceallaigh,

    Isteach is amach le céad go leith blíadhain ó shoin bhí fear darbh ainm Ralf Gór in a chomhnuidhe i dtig ceann tuige ar an dtaobh thoir de'n abhainn sa mbaile seo.
    Fear ab'ead Ralf a thuill a pháigh le saothar a dhá laimh. Fear ait a bhí ann agus é an-míshásta leis an slíghe mareachtála bhí aighe mar a bhí alán roimhe agus mar a bheidh go deo. 'Sé an rud abhí á chrád i gcomnuídhe ach corcán óir a bhí le fághail aighe ó duine éigin ar Droicead Londain agus 'sé an port ba mhinicí á seinnt aige ach, "maoin na mbocht an aisling".
    Ní raibh aon rud ag baint sámh codlad na h-oichche dhe ach fear an chorcáin óir ar Droicead Londain a chonnaich sé cómh minic i bfís. Sa deire bheartuig sé an turas do chur de agus cuige san chuir sé roinnt airgid i dtaisce dhíaidh ar ndiaidh i slige éigin. An úair bhí a dhothain sabhálta aige bhog se cun bhothair agus e ag síor guidhe cun Dé é sheoladh ar bealach a leasa. Shrois se Cathair Mhór Londain sa deire agus é traocta caithte tar-éis an aistir. Do sheol Sioth-Mhaor go dtí an droichead a thug sé ocht lá annsan ag siubhal anonn is annall, anonn is annall. B'ait leis na Sioth Maoir agus le daoiní nach iad cad é an gnó bhí aige ar an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1645: The Treasure at Home
    Language
    Irish
    Location
    Goresbridge, Co. Kilkenny
    Collector
    A. Ó Barúin
    Gender
    Male
    Address
    Goresbridge, Co. Kilkenny
    Informant
    Pádraig Ó Leathlobhair
    Gender
    Male
    Age
    40
    Address
    Castlekelly, Co. Kilkenny