Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 13542)

Suíomh:
Cahersiveen, Co. Kerry
Múinteoir:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 180

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 180

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Leathanach 180
  3. XML “An tAmadán Cliste”
  4. XML “Eoghan Rua agus an Sagart”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.
    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Conas tras-scríobh a dhéanamh »
    Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
  2. Teastalaidhe do b’eadh Eoghan Ruadh. Sórt file do b’eadh leis é. Bhí sé ag cur an bóthar de uair. Bhuail sagart leis. Chromadar ag comhrá le chéile. Níor b’fhada gur shroiseadar abha amhór. Ní fheudfadh an sagart an abha a cur de, ach bhí Eoghan cosnochtaighthe, agus chuir sé an sagart ar a dhrom agus ghluais air.
    I lár na h-abhainn dúbhairt Eoghan leis an sagart go ndéanfadh sé a fhaoistin leis. “Ná bac léi anois go mbeidhmíd trasna na h-abhainn” ars’ an sagart. “Ó ní dhéineann mar a bhfuilimíd aon deifrigheacht a athair, nach orm féin a bheidh an duadh, arsa Eoghan.Thosnuigh sé le na- a fhaoistin - peacaí móra d’á raideadh amach aige chomh tuigh le raithnigh. “Ó, tá an diabhal thiar ort,” ars’ an sagart tar éis gníomhartha Eoghain a clos. “Má tá mhaise” arsa Eoghan “ní fada a bheidh”, a’ caitheamh an tsagairt isteach san uisge.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.