Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)

Suíomh:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
Múinteoir:
Seán Ó Cathasaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 188

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 188

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
  2. XML Leathanach 188
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Is buan é fear 'na dhúthaigh féin...

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    1. Dlighe na h-iasachta earraí do bhriseadh.
    2. Dá minic a thiocfair is lugha bheidh grádh dhuit is dá annamh seadh is mó bheidh gráin ort.
    3. Deire gada gorta.
    4. Fearthann do laogh nó gaoth do shearrach.
    5. Fill orm a deir an droch ghnó.
    6. Fear na bó féin fe’n a h-eirbeall.
    7. Faghann na ba bás fhaid a bhíonn an féar ag fás.
    8. Finnéidh an duine bhréagaigh a bhean.
    9. Fear sa gharraidhe iseadh aodhaire na mbó.
    10. Gach re bliadhain bíonn an girrfhiadh baineann.
    11. Gach n-aon ar a shon féin.
    12. Gol mná gol le gaoith, gol an ghaoil mar an sruth.
    Gol an dearbhráthair go dtí an cnámh is gol na máthair go dtí an smior.
    13. Más maith leat bheith buan caith fuar agus te.
    14. Má imthig taoide tiocfadh taoide.
    15. Más maith í an cráin ní beag linn banbh dá h-ál.
    16. Milis glór fir ag a mbí’ cuid agus spré, searbh glór an té bhíonn lom, bun os cionn a labhrann sé.
    17. Níl tuile ná trághann acht tuille na ngrást.
    18. Ní h-iad na fir mhóra bhaineann an Fhoghmhair i gcómhnuidhe.
    19. Nuair a théigheann an ghabhar sa teampall ní stadann sé go h-altóir.
    20. Ní measa Cáit ná Conchubhair.
    21. Ní beatha go dul ar Neamh.
    22. Nuair a bhíonn an bolg lán is mian leis an gcnámh síneadh.
    23. Nuair is gann é an biadh seadh is fial é roinnt.
    24. Níl nídh níos géire ná teanga mná.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
    Teanga
    Gaeilge