Scoil: Gort Buidhe (uimhir rolla 14509)

Suíomh:
Gortboy, Co. Kerry
Múinteoir:
Gilbert Mac Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0471, Leathanach 087

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0471, Leathanach 087

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort Buidhe
  2. XML Leathanach 087
  3. XML “Leigheasanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    (Fuighleach Firréíde) tabhair é sin do leanbh tinn.

    B) Leanbh do chuir fé bholg asail. Bíónn an t-asal istig sa chistin agus chuireann an mháthair an leanbh treasna fé bholg an asail go duine éígin eile.

    C) Gob an ganndail bháin do chuir isteach imbéal na leinbhe agus trí sgreadaig do bhainnt as an ganndail nuair a bhéadh a cheann istig imbéal na leinbhe.

    4) BRUITÍNEACH
    Bainne caoireach agus im úr agus gas seamróíge do bheiriughadh le céile leath-uair an chluig agus iad a sgagadh tré phíósa lín-éádaig.

    5) DATHACHA
    Cimil blonaig gé dos na géaga atá tinn.

    6) BONN LOCH
    Cupóga do chur timcheall na h-áite atá tinn.

    7) MÉÁR GEARRTHA
    Cur connlach ar an áit cun na fola do stopadh

    8) DEALG DO THARRACH AS DO CHOIS
    Teanga an mhada ruaidh do chur leis

    9) TINNEAS FIACAIL
    A) Súgh do chur ar an bfiacail
    B) Cuir cos an fhroig isteach id bhéal agus greím do bhainnt as.

    10) SÚL DHUBH
    Cuir pinginn nó píosa slinne leis an áit.

    11) SÚILE TINN
    Cimil tae fuar dubh doibh naoi maidne ar chéalócan.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Séaghdha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    80
    Seoladh
    Gortboy, Co. Kerry