Scoil: An Chathair (uimhir rolla 5119)
- Suíomh:
- Caher West, Co. Kerry
- Múinteoir: Séamus Ó Tuathaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Chathair
- XML Leathanach 575
- XML “Insín na nÁr”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Sa t-sean aimsir ní raibh na paróistí i gCiarraidhe mar atá said anois. San aimsir sin bhí an séipéal i Neidín ar an dtaobh theas de'n Ruachtach, ar an áit in a bhfuil an reilig fé láthair agus bhí tig an t-sagairt tógtha i n-aice leis.Oidhche amháin do chuaidh an sagart súas go Fiachna cun an Ola Dhéanach do chur ar dhuine breóidhte ann. Nuair a bhí sé ag teacht thar nais d'fhág sé a phortús in a dhiaidh. Ar maidin lá ar na mháirneach d'iarr sé ar a chailín aimsire dul súas go Fiachna agus an portús a bhreith thar nais chuige. Bhí breacadh an lae ann agus í ag dul. Nuair a bhí sí tamall ag siubhal do chualadh sí glór éigin isteach sa pháirc. Do chuaidh sí isteach mar cailín mhisnig do b'eadh í, agus cad do chonnaich sé acht alán corp agus iad scapaighthe mór timcheall na páirce. Bhíodar go léir marbhacht acht (?) fear amháin agus bhí sé ag fághail bhais. Do labhair sé léi agus d'iarr sé uirthe a bhróg do bhaint de agus deoch uisce a thabhairt dó innte. Nuair a bhí an deoch ólta aige dubhairt sé léi gur tháinig ochtmhar fear ó'n Scairt i n-aiche Beanntraighe agus thógadar creach ó bórd Eoighinín, agus chuaidh sé féin agus seacht(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Mairéad Bean Uí Tuathig
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 72
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Gortalassa, Co. Kerry