School: Clones (Clochar Lughaidh) (roll number 15041)

Location:
Clones, Co. Monaghan
Teacher:
Sr. Máire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0946, Page 303

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0946, Page 303

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clones (Clochar Lughaidh)
  2. XML Page 303
  3. XML “Tórramh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tar éis bháis duine thagadh beirt de shean-mhnáibh carthanacha agus nighidís an corp agus chuirdís os cionn cláir é Chruinnigheadh na comharsanna fré céile isteach chuig an bhfairce agus chun coimhbhróin a dhéanamh le gaolta an té bhéadh os cionn cláir. Dá mbadh sean-dhuine bhéadh basuighthe bhíodh chuile cineál cluicthi ag lucht an torraimh m.sh "ag bualdh bos", "ag Díol na Feola" ;- cleas an-ghreannmhar seadh é seo -; "an Pósadh"; "buachaillí Tuighe"; "An Mhuch";"Buachaill Phuist"; agus a lán eile.
    Bhíodh snaoisín, tobac agus píopaí ar an torramh agud braon beag dighe fresin. Bhíodh "Mná caointe" ag dul thart ag caoineadh na marbh freisin. Chaoinisís dreas le tuitimh na h-oidhche, dreas eile um mheadhon-oidhche agus dreas eile le breacadh an lae. Bhíodh na mná seo íocaighthe le haghaidh na h-ocáide agus ingihtear scéal greannmhar faoi bhean-chointe a théigheadh thart fadó. Tharla go raibh sí seo ag caoineadh os cionn cuirp a bhain le daoine gallda. Seo an cainnt a bhíodh ar siubhal aici le linn dí a bhí ag caoineadh: -"Ochón, ochón, bail no codach ar an gcuid eile a gaibh i dtreo is go saothruigheadh mo dheich sgilling oraibh."
    Lá na socraide leagfaidhe an chomhra as ceithre chathaoir ar aghaidh na tsáirighe agus caoinfidh dreas os cionn an chuirp. Annsin crocfaidhe an chomhra ar ghuailnibh daoine chunna roilge. Ba ghnathach le
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. rites of passage (~573)
          1. death (~1,076)
    Language
    Irish
    Collector
    Vera Roy
    Gender
    Female
    Address
    Clones, Co. Monaghan