School: Clones (Clochar Lughaidh) (roll number 15041)

Location:
Clones, Co. Monaghan
Teacher:
Sr. Máire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0946, Page 305

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0946, Page 305

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clones (Clochar Lughaidh)
  2. XML Page 305
  3. XML “Pósadh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Rud an-coitchianta do beadh cleamhnas fadó. Thagadh fear ion-posta agus beirt nó triúr d'fhearaibh eile leis chuig teach mná ion-phosta agus shocruighidís cleamhnas le muinntir na lánamhan. Tugtaí spré do'n mhnaoi dá mbéadh a muinntir sásta le saidhbhreas agus le maoin an fhir a bhéádh dá fiafruighe. Socruightí lá an phósta agus na bainfhéise annsin agus ní cur sios ná innseacht sgéil ar an méid ullmhucháin bhíodh fá na gcoinne. Lá an phosta théigheadh an fear go dtí tigh na mná agus bhíodh fleadh agus féasta aca ar feadh tamaill. Annsin thugaidís a n-aghaidh ar Theach an Phoabail.

    Tugtaí "Dragún" ar an ngluaiseacht a bhíodh futha ó theach na bainfhéise go Teach-a' Phobail agus thar n-ais airíst go teach an fhir. Bhíodh marcaigh agus cárranna agus rothair ag an "Dragan". Ní h é amháin go mbíodh marcaigh capall ann ach bhíodh aos óg ar asail ann freisin agus a leithéid de choimhlint is a bhíodh ag na marcaigh ag iarraidh a chéile a shárú. Bhíodh gléas ceoil (boiscín cheoil) ag duine de lucht na gcárr agus dá gcastaí aoinne leo sa tslighe, nó, dá mbéadh an "Dragan" ag dul tar teach ar bith tosnuightí ag seinnt ar an mboiscín cheoil agus geallaim-se dhuit gur annsin a bhíodh an gleo i ndáríribh. Nuair a thagadh an Dragan in amharc tighe na lánamhana
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish