School: Ráithín (B.) (roll number 9304)
- Location:
- Raheen, Co. Kerry
- Teacher: Diarmuid Ua Cróinín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ráithín (B.)
- XML Page 445
- XML “An Rábaire Saoirlinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An Rábaire SaoirlinnTheannas liom chun imtheacht ó’m mhuinntir,
Is tarrac liom síos cois Féile
Mar d’airigheas dhá innsint go minic idir deora
Go bhfaghfainn-se obair mo céird ann
Ag taisteal na slighe dhom do chasadh chun tighe mé,
Is d’iarras cead suidhe go séimh ann
Ach d’fhreagair gan mhoill an tsean bhean críonna
Agus dubhairt ná raibh slighe aice d’aoinnne11.
Do labhair an bhrighdeach leis an mhnaoi críona
Agus d’fhiafruig an raibh ‘na croidhe aon daonnacht
Agus Rabaire Saoirlinn do chur amach san oidhche
Ag taisteal na tíre agus é ‘na aonar,
Mara bhfuil tuighe agat ná leabaidh na luighfíd-se
Tabhair cead suidhe istigh féin dó
Mo hata gur sgaoileas de mhullach mo chinn,
Agus ghabhas léi “míle buidheachas”111.
Nuair a bhí am chun luighe againn cuirfeadh síos mé
Go “rúimín” greanta ba réilbhigh
Mar a raibh leabaidh “clúmh” ann fé bhratacha líne
Agus cuílteacha ar dhruim a chéile,
Ba gairid an mhoill go dtáinig taobh liom,
An ainnir is í ‘na léine.(continues on next page)- Informant
- Siobhán Ní Chodlata
- Gender
- Female
- Age
- 71
- Address
- Annagh Beg, Co. Kerry