School: Clochán (roll number 14987)

Location:
An Clochán, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Cúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 786

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 786

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochán
  2. XML Page 786
  3. XML “Ór i bhFolach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ar an daobh thuaidh de loch sa pharóíste seo tá faill árd agus tá poll mó 'na lár agus sót staighre ag dul suas cuige; agus deirtear go raibh carnán airgid curtha san poll agus go raibh gruagach ag tabhairt aire dho, agus aoinne a raghadh ag trial ar an airgead go bhfáadh an gruagach é na bacachán.
    Bhí fear siubhail ann ar a glaodhtaí Cabhal Aodh tháinig sé go dtí an Gleann lá. Nuair a chualaidh sé trácht ar an ó dubhairt sé go raghadh sé ag trial air. Nuair a tháinig sé go dtí an staighre chuaidh sé suas acht má chuaidh bhí ana eagla air roimh an gruagach. Mar sin féin chuaidh sé isteach agus ní fada dó isteach go dtáínig sé go dtí saghas seomra agus thuas ar sót bhúird bhí an carnán óír.
    Nuair a chonnaic sé é do las a chroidhe agus siúd leis cun an tór. Bheir sé greim air. Len a linn sin d'eirig an gruagach agus chuir sé scread as. Do thuit an t-ór as lámhaibh an tincéara. Bheir an gruagach air annsan agus chuir sé easgaine air
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish
    Collector
    Maighréad Ní Dhúbhda
    Gender
    Female
    Address
    Gleann Seanchoirp, Co. Kerry
    Informant
    Maitias Ó Dúbhda
    Relation
    Grandparent
    Gender
    Male
    Age
    77
    Address
    Gleann Seanchoirp, Co. Kerry