School: Mín Árd

Location:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
Teacher:
Ml. Ó Caomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 208

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 208

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín Árd
  2. XML Page 208
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Chuaidh an mac óg indiaidh an ghirrfiadhe an 3adh lá, agus thuit an oidhche air fá mar a thárla do'n mbeirt eile. Chas sé thar n-ais. Bhí an seanntán roimhe--chuaidh isteach. Lorg an lóisdín ar an seanmhnaoi.
    Fuair a shuipéar. Indiaidh an tsuipéir thárla an chainnt chéadna. "Ceangail na gadhair" ar sise. Ceangail le ribe dem' ghruaig iad. Phrioc míol thiar i gcúl a chinn é agus chaith sé an míol agus an ribe isteach sa teine.
    "Fuil nó cómhrac anois" ar sise. "Níl fuil ná cómhrac agam duit" ar seisean. Thug sí fá chun é mharbhú. "Cabhair a chú" ar seisean. "Coinnibh a ribe" ar sise. Coimeádfaidh mise ins an teine arsan ribe. Tháinig an cú agus an madaralla agus stracadar óna chéile í. "Ná mairbh in aon chor mé" ar sise, agus tabharfad do bheirt driothár duit, na capaill agus na gadhair. "Tá slaitín draoidheachta os cionn an dorais sin thíos agus buail ar na clocha bána ansan amuich --eireochaidh do bheirt driothár agus na capaill agus na madraí. Bhí an bheirt driothár, na madraí agus na capaill ansan aige. Mhairbh sé ansan í. Thángadar abhaile go dtí an Riogh. Bhi seisean anáirde staighre ag feachaint amach trén bhfhuinneóig ag gol.
    Nuair a chonnaic sé ag teacht iad d'oscail a bhéal chomh mor go bhfhéadfá a chroidhe d'fheiscint.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0303: The Twins or Blood‑Brothers
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ó Gribhthín
    Gender
    Male
    Address
    An Fhothrach Mhór, Co. Kerry