School: Cluain Chumhra (roll number 15660)
- Location:
- Cluain Chortha, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- I "Romantic Hidden Kerry" tá sé tugta go bhfuil uaig Muinntir Husaé i gCeann Áird agus gur ann a cuireadh na Husaés go léir ach amháin Clarissa. Seo mar atá.Thóg Clara Husaé uaig bhreágh di féin i gCeann-Áird ach i gCorcaig a cailleadh í agus nuair a tugaidh a corp abhaile is i Sáipéal an Daingin a cuireadh í - istig sa tsáipéal. Agus níor cuireadh aoinne san uaig i gCeann Áird go dtí tamall maith na dhiaidh san. Ach annsan cuireadh san uaig fear des na Husseys a marbhuigheadh i gcómhrac aoinir agus sin ar cuireadh ann go ceann a bhfad airís. Bhí fear eile de'n dtreibh sin á chur ann agus nuair a h-osgluigheadh an uiag ní raibh istig innte ach mion-chnáthairt an chéád-fir agus annsúd go soiléir le feisgint ag an saoghal mór bhí an piléar (an bullet) a mhairbh é. Deineadh ana iongantas do san am san agus cloisinn na sean daoine ag trácht air
- Informant
- Pádruig Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Address
- Cinn Aird, Co. Kerry