School: Cluain Chumhra (roll number 15660)
- Location:
- Cluain Chortha, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cluain Chumhra
- XML Page 005
- XML “Páirc na Raithní”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)tháinig an captaén & cuid des na márnéalaigh chun an raithneach do sguabadh amach sa bhfirrge ach níor thúisge amuich í ná istig airís i slighe is gur chaitheadar sgaoile léí. Nuair a bhuail an t-árthach talamh thall chuaidh mo dhuine i dtír i New York agus suas an tsráid leis & an raithneach na dheamhaig . Chonnaic na póilíní é & a ghas raithnighe gabhadar é & chuireadar i bpriosún é ach má seadh níor gádh dhóibh an gas raithnighe do ghabháilt mar líon an príosún go léir le raithnig & ní mór nár múch sí gach aoinne a bhí sa phríosún. Cuireadh anall arís é. Is amhlaidh a bhí sgéala roimis ag an gCóibh go raibh beirt cómharsan ó'n mbaile seo 'gainne imthighthe gan aon tuairisg ortha, ná bídís ag réachtaint ró-mhaith le na chéile & gur dóithighe gurb'amhlaidh ídígheadar féin a chéile. Tugadh abhaile mo bhuachail & chonnaic na daoine an raithneach na dheamhaig. Chuadhadar go dtí páirc na raithnighe, cuarduigheadar & fuaradar an corp go doimhin i dtalamh fé'n raithnig. Daoradh cun na (croise?) é mar nár chuimhnigh sé go raibh Dia i naon chor ag faire air nuair bhí sé ag déanamh an mharbhú ach chuir Dia anúil do go raibh & go bhféacaidh.
- Collector
- Muiris Mac Gearailt
- Gender
- Male
- Address
- Cluain Chortha, Co. Kerry