School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ach do tháinigh Iúdás faoi dhóchas
Is a Rí glórmhar gur dhiol. Mo ghrádh-sa an Mhaighdean Ghlórmhar sí an Mhaighdean chómhachtach rí-gheal
Dhá bhais aice á bpléascadh is a deora 'ce na fuil,
Gur dhorchaigh na spéire agus an ghrian gheal gur dhuibh
Seadh bhí Mac Dé na Glóire ann is É fhéin gan aon choir.
A Chríostaidhthe an tsaoghail seo déanaidh bhur n-anam,
Golaidh go cruaidh agus buailidh bhur mbasa
Nár díolaimíd-ne go deo Thú ar ór buidhe ná ar racmas
Mar nach bhfuil insa tsaoghal ach sceo beag seachas glóire na bhFlaitheas. Fanaidh sa chló chéadna go ndéanfaidh an spéir lasadh
Go n-osclóchas na tuamaí is go n-éireochaidh na mairbh,
Go seinnfear an ceol-trúmpa go dian mhoch ar maidin
Beidh an Rí ceart ár n-éisteacht ar thaobh cnuic lán chatha.
Nuair a sínfear annsúd sinn ar ár gcúl ag tabhairt an fhéir
Nár leigir le Lucifer sinn ná le claon,
Go ndéanaidh Tú slighe dhúinn gan cúntas go dtí Cúirt gheal na Naomh
Go dtí cúirt gheal na glóire is bheith go deo ann Leat féin.Cuirim athchuinge go cruaidh chughat a Rí uasail an tsoluis,
A céasadh Dia h-Aoine is fuil do chroidhe leat ina sruthaibh,
Go mbeiridh Tú chughat Féin sinn go dtí gáirdín geal soluis,
Go dtí Cúirt gheal na Glóire is a bheith go deo ann id' mholadh.- Informant
- Máire Ní Cheárnaigh
- Gender
- Female
- Age
- Over 60
- Occupation
- Oibrí tí
- Address
- Sráid na nGabhar, Co. Kerry