School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean

Location:
Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. Máire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 361

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 361

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
  2. XML Page 361
  3. XML “An Caomhánach agus A Bhean”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear 'na chómhnuidhe in aici le caisleán Ráth Fhionáin. Phós sé agus t'réis bliadna nó mar sin do rug an bhean bunóc. D'fhágadh í féin is an bhunóc istigh ina n-aonar agus í 'na luighe, rud nár cheart dó dhéanamh do réir na bpiseóg. Sciob na sidheoga leo í agus fágadh iarlais éigin marbh ar an leabaidh. Thugadar leó í go dtí áit éigin i dTiobraid Árainn, ach ó'n uair gur thuig sí go maith cad a bhí uirthi agus cá raibh sí ní bhlaisfeadh sí greim bídh uatha. Bhí fhios aice dá ndéanadh ná bhfaigheadh dul thar n-ais go dtí a fear céile go deo. Dá bhrígh sin d'éaluigheadh sí amach uatha gach oidhche go tigh a bhí sa chomhursanacht agus thógadh sí a dóithin bidh as an dtigh sin.
    T'réis cúig nó sé bliadna phós an fear airís agus bhí clann aige. Bhí fhios go maith ag an gcéad mnaoi gur dhéin sé amhlaidh ach níor thóg sí air é, mar cheap sé go raibh sí sin caillte. Annsan oidhche thaisbeáin sí í féin do'n bhfear a chómhnuigh sa tigh as a ngoideadh sí an biadh agus d'innis sí a scéal dó. Chreid sé í agus mhaith sé di an biadh do ghoid. D'iarr sí air scriobh go dtí a fear céile i Ráth Fhionáin agus a chur in iúl dó go raibh sí féin beó, agus ná raibh biadh na sidheog á
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Eibhlín Ní Chonchubhair
    Gender
    Female
    Age
    54
    Occupation
    Bean rialta
    Address
    Daingean Uí Chúis, Co. Kerry