School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean

Location:
Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. Máire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 335

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 335

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
  2. XML Page 335
  3. XML “Pádraig agus Máire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí lamhamhain ann fadó agus bhíodar an-bhocht. Bhíodar aosta agus ní rabhadar indon beatha do shaothrú dóbhtha féin. Sé an t-ainm a bhí ortha Pádraigh agus Máire. Bhí teach duine uasail in aice leo agus bhidís ag obair aige faid is a bhiodar indon. Anois, ní rabhadar indon aon obair a dhéanamh agus bhí siad gan nidh.
    "Ní'l fhios agam céard a dhéanfaimíd" asra Pádraigh.
    "Tá fhios agam-sa " arsa Máire, "céard a dhéanfaimíd. Téir thusa go teach an duine uuasail agus abair leis go bhfuil mise caillte."
    D'imthigh Pádraig leis go dtí teach an duine uasail agus é ag gol.
    "Céard tá ort , a Phádraig?" arsa'n duine uasal.
    "Tá Máire caillte" arsa Pádraig.
    "Ní maith liom sin" arsa'n duine uasal.
    "Muise ní cás liom-sa a bás" arsa Pádraig, "dá mbeadh oiread agam agus a chuirfeadh í."
    "Gheobhaidh tú sin asra'n duine uasal, "cé méid atá uait?"
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Páidín Ó Meádhra
    Gender
    Male
    Age
    Over 60
    Occupation
    Oibrí
    Address
    Ros Muc, Co. Galway