School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Trí céad déag fáilte naoi n-uair' agus fiche,
Roimis Mhac Dé na Glóire is na Maigdine Muire,
Do thúirling na broinn órdha 'na Dhia is 'na dhuine,
Is gurbh'é oidhche Nodlag Móire tháinigh Rí ceart na righthe,
Ag cur in iúl dóibh sin an scéal a bhí chuige
Sé lá ina dhiaidh san seadh glaodhann siad Lá Coille air
I dteampall na Trionóide mar a ndoirteadh an Fhuil Mhilis,
Ag cur in iúl dóibh sin an scéal a bhí chuige
Ag fulaing na daor-pháise is ag iomchar na croise.D'árduigh an dream cior-dubh an leanbh Íosa chun leaptha,
Ní raibh comharthaí 'na thimcheall ná siodaí 'na bhrataibh,
Ach ar chré bhuidhe do síneadh ros mín (?) Chríost, Rí na n-Aingeal,
Is d'éirigh an óirbhíogach suas díreach na seasamh.
Do thug sé dachad lá insa bhfásach is a' dream smáile ar A Thí,
Ní raibh stocaí ná bróg Air ná póta thréis bídh.
1. Tá sé seo chómh goirid do'n fhuaim is d'fhéadfainn é dhéanamh. Dubhairt sí gurab ionann agus leac é.(continues on next page)- Informant
- Máire Ní Cheárnaigh
- Gender
- Female
- Age
- Over 60
- Occupation
- Oibrí tí
- Address
- Sráid na nGabhar, Co. Kerry