School: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (roll number 16892)

Location:
Baile an Ghóilín, Co. Kerry
Teacher:
Dll. Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0424, Page 246

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0424, Page 246

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín)
  2. XML Page 246
  3. XML “Oíche Shamhna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Oidhche Shamhna
    Oidhche mhór spóirt ag gach aoinne iseadh oidhche Shamhna. Tagann sí ar an naomhadh lá fichead do Deire Fóghmhair. Bíonn suipéar mór i ngach aon tig an oidhche sin. Deintear císte móir i gcóir an tsuipéar. Cuirtear fáinne, ceirt, raol, cipín agus méaracán isteach ann. Nuair a bhíd ag ithe na bulóige is mó fonn cuardaig a bhíonn ortha ná fonn ithte. An té geibheann an fáinne sin é is túisge a phósfar. An té geobhaid an cipín sin é a cailltear agus an té a gheibheann an méaracán, beidh sé ‘na tháilliúr. Anois faigheann siad tobán uisge agus cuireann said úbhall isteach ann agus bíonn gach aoinne ag iarraidh an tubhall d’ fághail. Crochann siad ceann ar crocadh i lár an tíghe agus bíonn siad ag iarraidh breith air.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
        1. Halloween (~934)
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraig Ó Súilleabháin
    Gender
    Male
    Address
    Baile an Ghóilín, Co. Kerry
    Informant
    Seán Ó Súilleabháin
    Gender
    Male
    Address
    Baile an Ghóilín, Co. Kerry