Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Kerry
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 108

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 108

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Bloscaod Mór
  2. XML Leathanach 108
  3. XML “Naomh Caitlín”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ag uaisle Shasana ar an gcreideamh. Bhí ana straidhn ar a muinntir. Shocruig a hathair í a chur tré roith mhuillinn a's í a mheilt 'na pisíní i dtaobh ná tréigfeadh sí an Creideamh.
    Deineadh amhlaidh ach ní mheilfeadh an roith í, ach bhí sí chomh seasmhach do'n gCreideamh is a bhí riamh. Chuir a h-athair isteach i mbosca annsan í, agus chaith sé le faill í. Bhí an bosca ag preabarnaig ar bhárr tuinne nó gur tháinig sé isteach ar thonn go Cuan Fionntrágha. Ropairí fairrge a fuair é. Nuair a chonnacadar an óigbhean níor dheineadar ach í a marbhú le buille toisc nach rud éicin eile a bhí sa bhosca. Thárla san ar an gcúigmhead lá fichead do Shamhain. Tháinig sluagh Aingeal anuas ó Neamh agus thógadar leó anáirde an Naomh. As san amach bhíodh an solus le feiscint ins an áit timcheall na roilige a bhí ann. Chuaidh dream chuige anonn lá le cead ó'n sagart parróiste. Labhair guth 'na dtimcheall a's dubhairt "Tá aisge agam á iarraidh orraibh, glacaidh Comaoine is faoisdine dom mar táim i bPurgadóireacht" ars an ghuth.
    Chuadar go dtí an sagart agus d'eachtruigheadar an scéal. D'órdaig an sagart do'n bpobal faoistine agus Comaoine a ghlacadh do'n anam a bhi i gcruadhchás. Thugadar turas timcheall na roilighe ag paidireoireacht do'n anam.
    Ó shoin i leith tá leigheas ar thinneas fiacaile d'aoinne a thugann turas Caitline ar an gcúigmhead lá fhichead do Shamhain aon bhliain.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge