Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 332
- XML “Na Gleannta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Amhráin eile ó Eibhlís Bean Uí Cheárna. Na Gleannta. (1)Cois na leamhna mar ba ghnathach ba, caoire 'gus gamhna,
Bíonn caise bog uachtair agus mórchuid do'n leamhnacht,
Bíonn tromaibh na slaodhaibh agus fear glas go glúinibh,
Agus ceól binn breágh ag éanaibh gach aon maidean drúchta. 2. Ní'l bó maidean samhraidh gan gamhain le na taobh deas,
Ní'l caora maidean drúchta gan cúpla ua {?] ag méighligh;
Ní'l neach óg ná seannda gan fóghnamh is béasa air,
Ní'l luibh guirt úbhall gan trann ann ná caoraibh. 3.
Tá an dúirnín deas órdha san bhfód ann chun daithte,
Agus deilliubhair go hárd ann ag fás ar bharr crannaibh,
Tá gach uile sórt ann d' fóirfeadh ar na peacaig,
Is d'á n-abróchainn go leor díbh, tá glóire ann na bhflaitheas.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Eibhlís Bean Uí Cheárna
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60