Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 103
- XML “Naomh Gobnait”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- RéamhrádhTá a lán scéalta i mbéal mhuinntir Dhún Chaoin i dtaobh Phatrún an Pharóiste - Naomh Gobnait. Fuaireas an scéal seo ó Mhuiris Ó Catháin o'n mBlascaod, agus dúbhairt seisean gur chuala sé an scéal go minic ó's na sean daoine. Tá sé timcheall trí fichid bliadhain daois, agus chaith sé a shaoghal ins an Oileán.
Timcheall le dhá chéad bliadhan ó shoin bhí taoiseach mór ina chomhnuí sa bhFrainnc. Ní raibh puinn creidimh sa tír an uair sin, agus d'aortaí chun báis an dream a lean do'n bhfíor Chreideamh. Bhí aon inghean amháin aige d'árb ainm Gobnait agus bhí sí ana mheastamhail ar an gcreideamh, í an-dhiadhaighthe, agus an-charthanachtamhail.Bhí a hathair i bhfad in earraid léi, agus sa deire tháinig buille air chúiche, agus dhíol sé í le captaoin árthaigh. D'árduig an captaoin leis í, agus dúbhairt a hathair leis í a chaitheamh i bhfarraige. Ghlac an captaoin truagh dhí agus nuair a tháinig sé go Chuan Fionntrágha chur sé i dtír í. Bhí béal Chuan Fionntrágha fé choill mhór an uair sin, mar is ó shoin a shlug an fharraige chúiche an choill, agus fágadh Chuan Fionntrágha mar atá sé indiu. Chuaidh Gobnait isteach sa choill, agus mhair ann(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Muiris Ó Catháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 60
- Seoladh
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí