Scoil: Dealgain (uimhir rolla 11770)
- Suíomh:
- Dalgin, Co. Galway
- Múinteoir: Breandán Ó Riain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dealgain
- XML Leathanach 049
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mhaidin. Mhaidin in a bháireach chas an tríuir le cheile aris ag an crosbhothaire. Bhí fear eile ann annsin agus dinnis gach duine a sgéal féin dhó. Dubhairt sé leis an fear uasal "ce'n áit ar chaith tusa an oidhche"? Dinnis sé a sgéal dhó. "An raibh aithne agat ar an beirt mnaoí sin"? "Ní raibh" arsa an fear uasal. "B'éad sin do bheirt driobhshiúr a bhfuair bás cúpla bliana ó shoin. "Bhí tú suas ar Neamh aréir". Dubhairt sé leis an bacach annsin "ce'n áit ar chaith tusa an oidhche"? "Í dtíg na muc" arsan bacach. Dubhairt an fear leis annsin "bhí tusa ag íarraidh déirce ó na daoine a bhí níos boichte ná tú féin" Dubhairt sé leis an sagart
annsin "c'én áit ar chaith tusa an oidhche"? Bhí mé ag dul amudha ar feadh na h-oidhche agus bhí orm greim a fhághail ar crann
agus thug mé cupla duilleóga on gcrann liom. "Cá bhfuil siad" adeir an fear leis. "Tá siad annseo" arsan sagart. "Bhí tusa ag leigeadh
Aifreann le trí bliana agus ní raibh ceann acu ceart ach ceann go leith" arsan fear. Dimthigh an triur annsin agus cuaidh an fear uasal go Neamh nuair a fuair sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- P. Monaghan
- Aois
- 63
- Seoladh
- Lurgan, Co. Galway