Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)
- Suíomh:
- Pollagh, Co. Galway
- Múinteoir: Gearóid R. Ó Laidhigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Chuimín
- XML Leathanach 250
- XML “Féilí na Bliana”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)DOMNACH na CÁSGAItheann go leor ubh an lá seo agus téightear amach ag toghruigheacht neadraca ean - neadaca na lachann fiadhain go mór mhór.
DOMHNACH CINGCISENí maith leis na sean daoine dul ag badóireacht, ag iasgaireacth nu ar an uisge chor ar bith mara mbeidh fáth leis on Cásg go dthí go mbeadh Domhnach na Cingcíse thart.
LÁ BEALTAINEnu Lá na nAmadan. Go minic leantar iarracht cleasanna imirt ar daonaibh.
LÁ 'le SEAINBíonn teine cnamh ag na daonaibh an lá seo. Bíonn damhsa agus amhraíníocht ag an teinidh agus tugann chuile dhuine fód lasta leis ar a dul abhaile dó. Bíonn an teine ann oidhche 23adh Meitheamh.
Bíonn turasanna ag toibreacha beannuighte ag an 15adh
Lugnasa. LÁ FEILE MUIRE sa bhFÓGHMHAR.
LÁ 'le MÁRTAINMarbhuightear cearca, agus géanna, caoraigh, agus mairt (?) don Naomh seo.
LÁ SAMHNAAthruigheann na Sidheóga o aít go h-aít an oidhche seo (31.10)
Níl aon tracht sa gceanntar seo ar na feilte leanas:-Seana Bhealtaine
Feile Mhichil
Lá le Tomás
Oidhche Cinn Bliadhna
Lá Coille
Nodlag na mBan