Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)

Suíomh:
Pollagh, Co. Galway
Múinteoir:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 229

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 229

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Chuimín
  2. XML Leathanach 229
  3. XML “Éan na gCleití nÓrga”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    leis an mbuachaill a dhul isteach agus éan na cleite óir a thógail amach - go raibh go leór leór ean istigh san halla mór cuid aca i gcliabhána salach briste agus cuid aca i gcliabhana óir. Dubhairt an sionneach leis go raibh ean na gcleite n-ór i gcliabhan briste deanta as maidí, agus í a fhagail ann agus gan í a athrú go cliabhan ar bith eile. Acht níor ghlac an fear óg leis an gcomhairle. D'athruigh sé an t-éan go dtí cliabhan óir. Ar a bpoinnte thosaigh na h-eanacha ar fada ag screacaíl agus ag deunamh torann mhóir. Dhuisigh na gardaí - gabhadh an fear óg agus tugadh i láthair an Ríogh é. Tugadh breitheamhnas báis air acht dubhairt an Rí go sparalfadh sé a anamh acht an each (?) is luaithe do bhí ar an domhan.
    D'imthigh an fear óg brónach go leor. Casadh an sionnach leis agus thug sé ar a dhruim é piosa eile go dtainiceadar go Caisleán Mór eile. Dubhairt an sionnach leis an mbuachaill a dhul isteach ins an stábla áít a raibh go leor capall agus diallaideacha agus srianta ortha.
    "Tá an diallaid is measa ar fad ar an capall is feárr" ars an sionnach "act na bac leis. Tabhair amach an capall is fearr leis an diallaid agus leis an srian atá uirrí nu beidh aithmheal ort."
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0550: Search for the Golden Bird
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Peadar Ó Concubhair
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Tadg Ó Laidigh
    Inscne
    Fireann