Scoil: Cill Chiaráin

Suíomh:
Cill Chiaráin, Co. Galway
Múinteoir:
Nioclás Mac Aoidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0009, Leathanach 396

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0009, Leathanach 396

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Chiaráin
  2. XML Leathanach 396
  3. XML “Fear as an Aird”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear óg agus a mháthair i na gcomhnaidhe le céile uair bhíodh beithidh aca ag loc-a bhuidhe agus lá amháin bhí bó aige ar an sliabh agus tháinig sé leis an mbó a thabhairt abhaile agus nuair a bhí sé ag tabhairt na bó leis chualadh sé glór mná ag rádh le na páiste, "tá an bhó ag imtheacht anois agus níl aon deor bhainne againn anois.
    Chualadh an fear an chainnt sa gcloic agus dubhairt sé go bfágad sé an bhó aici.
    Dh'imthigh an fear leis abhaile agus d'fhiarruigh a mháthair dhe cé an áit a bhfuil a bhó d'fhág mé i mo dhiaidh í,
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máirtín Ó Congaile
    Inscne
    Fireann
    Aois
    12
    Seoladh
    Cill Chiaráin, Co. Galway
    Faisnéiseoir
    Máirtín Ó Congaile
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    83
    Seoladh
    Coill Sáile, Co. Galway