Scoil: An Clochar, Port Omna

Suíomh:
Portumna, Co. Galway
Múinteoir:
An tSr. M. Lorcáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0057, Leathanach 0286

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0057, Leathanach 0286

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar, Port Omna
  2. XML Leathanach 0286
  3. XML “Mná agus Sióga”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    arsa Fearfeasa agus bhreathnuigh só thart díreach is dá mbeadh sé ag tabhairt ár ndubhshlaín agus chuir sé an sgéal seo dhe gan aon chuireadh eile.
    Tá sé suas agus anuas le fiche bliadhain ó shoin anois (arsa Fearfeasa) agus bhí mé ag dul ar aonach Thuama le bhó a cheannacht. Ar an gCéadaoin a bhí an t-aonach le bheith ann agus ós bóthar fada a bhí le dul agam, de shiubhal chos, Dhfágas an teach sáthach moch Dia Maírt. Bhí píosa maith de'n bhóthar curtha 'm dhiadh agam agus an ghrian ag dul faoi nuair a chualas an ceol dob aoibhne dár chuala cluas duine ariamh b'fachthas dom istigh uaim i bpáirc leathtaobh an bhóthair.
    B'ait liom sin mar bhí an áit uaigneach acht bhreathnuigheas isteach thar an gclaidhe, agus mé ag ceapadh [agus me ag ceapadh] gur ar mo chluasaibh a bhí; má seadh. is
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Treasa Ní Dhíolúin
    Inscne
    Baineann