School: Cloch an Uabhair (roll number 14448)
- Location:
- Cloghanower, Co. Galway
- Teacher: Pádhraic Ó Gairbhín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cloch an Uabhair
- XML Page 0012
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Tá tobar i nDogh-Cúna...”
Tá tobar i nDogh-Chuna, Naomh Cúna do chuir ar bun é. Níl sé san áit chéana is a bhí sé fadó. Bhí sé faoi chrann a bhí 50 slat o'n áit. Bhí bean dána in -aice an tobair agus caith sí rud eicínt isteach ann, agus maidin lá'r na bhárach bhí an tobar 50 slat ón áit a raibh sé an lá roimhe sin. Tá altóir os cionn an tobair agus ar an 15adh lá de mí Lughnasa, teigheann na daoine ann ag guidhe. Teigheann siad thart timcheall an tobair trí huaire. Lásann siad coinneal gach uair. Theigheann siad thart timcheall an tobair. Nuair atá siad ag dul abhaile, fágann siad rud éicint in-a dhiaidh, páidrín, bioráin, agus blathanna. Ólann siad an tuisce as an tobar acht ní thugann siad aon uisce leo. Tá dhá breac san tobar agus níl siad acht trí orlach ar fhad agus ní fheiceann gach duine iad. Tá siad ann ó tháinigh an tobar agus ní(continues on next page)- Collector
- Tomás Mac Giollarnath
- Gender
- Male
- Address
- Cloghanower, Co. Galway