Scoil: Garrdha (uimhir rolla 12721)

Suíomh:
Garra, Co. Galway
Múinteoir:
Liam Ó hAnnracháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0026, Leathanach 0001

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0026, Leathanach 0001

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Garrdha
  2. XML Leathanach 0001
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Bhí fear fadó ann agus is fadó bhí agus bhí ceathair mac aige. Bhí siad an-bhocht.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhí fear fadó ann agus is fadó bhí agus bhí ceathair mac aige. Bhí siad an-bhocht. Dubhairt an dearbhráthair is sine an lá seo: "táimid fada go leor annseo, téighmid a' siubhal 'bhfeicfimid céard tá romhainn."
    D'imigh leobhtha go dtainic siad go cros-bhóthar. Dubhairtan dearbhráthair is sine: "Boil, béidhmid annseo faoi cheann ceithre bliadhain, béidhmid annseo aríst." 'Sgearr a chuaidh an dearbhráthair is sine nuair a chasadh fear air a' mbóthar leis. D'fhiafruigh sé dhé cá raibh sé a gul. "Níl fhios agam," adeir sé, ach a' saothrú mo bheatha, má fhéadaim." "Má thigeann tú liom-sa, múinfidh mé ceird duit."
    "Agus cé'n sórt ceird í?" "Gaduidheacht", adeir sé.
    Sílim nach ndéanfainn aon mhaith leis, níl mé sáthach 'cleveráilte', adeir sé.
    "Bhoil, múinfidh mise dhuit", adeir sé, "nach mbeidh aon ghaduidhe le fághail a bhuailfeas thú*; nach bhfeicfidh súil dhá ghéire thú, ná cluas dhá ghéire - nach gcloisfidh sé thú, ach go gcaithfidh tú fanacht ceithre bliadhna.
    An darna dearbhráthair casadh fear leis in a bhóthar féin agus dubhairt sé leis an comhrádh céadhna.
    "Má thigeann tú liom-sa, múinfidh mé ceird duit"
    "Cé'n sórt ceird í.
    "Stargazer*, ach go gcaithfidh tú fanacht agam bliadhna; agus bhéarfá mé telescope dhuit, nuair a bheas do théarma istigh, rud ar bith a bheas ar iarraidh go mbeidh tú i n-ann é fhághail"
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0653: The Four Skillful Brothers
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Liam Ó hAnnracháin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Mícheál Mac Aodha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 60
    Seoladh
    Garra, Co. Galway