Scoil: Garrdha (uimhir rolla 12721)

Suíomh:
An Gearradh, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Liam Ó hAnnracháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0026, Leathanach 0003

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0026, Leathanach 0003

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Garrdha
  2. XML Leathanach 0003
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Bhí fear fadó ann agus is fadó bhí agus bhí ceathair mac aige. Bhí siad an-bhocht.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    An tríomhadh dearbhráthair, casadh fear air in a bhóthar féin. Dubhairt sé leis an comhrádh céadna.
    "Má thigeann tú liomsa muinfidh mé ceird duit."
    "Cé'n sórt ceird í".
    "Foghlaeracht".
    "Níor rug mé ar ghunna ariamh, agus ní dheanfainn aon gnaithe leis"
    "Múinfidh mise thú sa gcaoí nach mbeidh aon fhoglaerí le fághail chomh maith leat. Nuair a bheas do théarma istigh bhéarfa mé gunna dhuit agus rud ar bith a dtiubhraidh tú aghaidh air déanfaidh sé dhá leith de sa spéir"
    An ceathrú fear, anois, casadh leis feear ar a bhóthar féin. Dubhairt leis an comhrádh céadna.
    "Má thigeann tú liomsa muinfidh mé ceird duit."
    "Cé'n sórt ceird í"
    "Táilliúireacht"
    "Ní shílim go ndéanfainn aon gnaithe leis; nílim i n-ann cnaipe a chur in mo bhríste".
    "Múinfidh mise thú sa gcaoí nach mbeidh aon táiliúr le fághail chomh maith leat, agus nach mbeidh 'fhios agat an fuagháil ó lár an phíosa; agus nuair bheas do théarma istigh - ceithre bliadhna - bhéarfaidh mé snáthadh duit a fhuagháilfeas dá bharra iarainn dhá chéile."
    D'fhan siad ar fad i gceann a gceird go raibh na ceithre bliadhna thuas agus d'mthigh siad annsin agus casadh le chéile an ceathair ag an gcros-bhóthar céadna. Agus tháinig siad abhaile ag a n-athair. Agus bhíodar ar fad
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0653: The Four Skillful Brothers
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Liam Ó hAnnracháin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Mícheál Mac Aodha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 60
    Seoladh
    An Gearradh, Co. na Gaillimhe